Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
Buaileann Séamas Ó Donnghaile, Cathaoirleach Chumann Chluain Árd, isteach orainn sa stiúideo i ndiaidh dó an chéad áit a bhaint sa chomórtas cáilithe don Scéalaíocht ag Oireachtas na Samhna. Leis an leabhar úr Cloch In Áit An Charnáin, tá léargas luachmhar tugtha ag an údar Pádraig Ó Tiarnaigh dúinn ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora béaloidis Seán Ó hEochaidh as Teileann. Cluineann muid tuairisc Phroinsias Uí Choinn ó sheoladh an leabhair. Leis an fheachtas bhliaintiúil Children In Need faoi lán seoil, cluineann muid faoi thionscnamh óige maoinithe ag Children In Need ag Glór na Móna i mBéal Feirste.
Séamas Ó Donnghaile, Chairman of Cumann Chluain Árd, calls in to the studio after winning first place in the qualification competition for Storytelling at the Oireachtas na Samhna festival. And with the newly published book, Cloch In Áit An Charnáin, author Pádraig Ó Tiarnaigh has provided a valuable insight into the life and work of the Teileann folklore collector, Seán Ó hEochaidh. Proinsias Ó Coinn reports for Blas from the launch. With the annual Children In Need campaign in full swing, we hear about an Irish-language youth project at Glór na Móna in Belfast funded by Children In Need.
Cluineann muid ó Ailbhe Ní Chasaide, comhstiúrthóir abair.ie ag Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus ón mhac léinn dochtúireachta Liam Lonergan, faoin uirlis nua Fotheidil le tras-scríbhinní Gaeilge a ghiniúint. Agus ar Lá Idirnáisiúnta ar an Strus, labhraíonn an Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh linn faoin dóigh le strus a aithint agus an bealach le dul i ngleic leis go héifeachtach.
We hear from Ailbhe Ní Chasaide, co-director of abair.ie at Trinity College Dublin, and from TCD PhD student Liam Lonergan, about the new Fotheidil tool to generate transcriptions in Irish. And on International Stress Awareness Day, Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh talks to us about how to recognise stress and the best ways to deal with it effectively
Cluineann muid ó cheardlann draíochta scéalaíochta leis na scríbhneoirí Sadhbh Devlin agus Máire Zepf i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá an t-oibrí daonnúil Aonghas Lambkin linn leis an scéal is déanaí as Gaza a chíoradh agus téann Caoimhe ar cuairt chuig cleachtadh ceoil de chuid an chumadóra Michael Gallen, agus a shaothar úr, Bád Ón Alltar, ar tí bheith curtha ar an ardán le Ceolfhoireann Uladh. Cluineann muid ó Mhuireann Nic Amhlaoibh, duine de na ceoltóirí traidisúnta atá roghnaithe aige le bheith ag seinm ar an phíosa corraitheach seo.
We hear from a magical storytelling workshop with writers Sadhbh Devlin and Máire Zepf at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Humanitarian worker Aonghas Lambkin analyses the latest news from Gaza. And Caoimhe visits a music rehearsal by composer Michael Gallen, whose new work Bád Ón Alltar is about to be staged with the Ulster Orchestra. We hear from Muireann Nic Amhlaoibh, one of the traditional musicians selected to perform in this powerful piece.
Beidh comórtas rapcheoil mar chuid de Oireachtas na Samhna den chéad uair riamh i mbliana. Tugann Daire Ní Chanáin cuairt ar Ghaelscoil an tSeanchaí, Machaire Fíolta le suí isteach ar cheardlann leis an rapalaí Conor Torbóid. Seachtain Feasachta um Chailliúint Linbh atá ann agus labhraíonn Bernadette Ní Mhuiris linn faoina scéal féin. Labhraíonn Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, faoina chuid smaointe le beocht a chur sa Ghaeltacht arís.
This year’s Oireachtas na Samhna festival features a rap competition for the first time ever. Daire Ní Chanáin drops in on a workshop with the rapper Conor Torbóid in Gaelscoil an tSeanchaí, Magherafelt. For Baby Loss Awareness Week, Bernadette Ní Mhuiris talks to us about her own story. Dónall Ó Cnáimhsí, the Northwest Language Planning Officer, shares his ideas on how to revitalise the Gaeltacht.
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword. Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.